Pick of the crop
Food safety under the microscope
Dr Ozlem Bayram, Department of Biology
Dr Ozlem Bayram of the Department of Biology is leading a project to help target genes to improve agricultural productivity and build knowledge on how to prevent or control contamination on crops. The research aims to increase food safety for better nutrition and health.
Dr Bayram received €425,000 under the Science Foundation Ireland (SFI) and the Irish Research Council (IRC) Pathway Programme for her project. Fungal and mycotoxin contamination of food materials leads to unacceptable losses of crop production and investment while global demand for food is increasing. The title of Dr Bayram’s project is ‘Dissection of the epigenetically controlled gene network in aflatoxigenic fungi to improve agricultural productivity and food safety.’
Some €2 million was awarded under the programme to five MU researchers for their work on a range of topics, including Dr Bayram’s research on agricultural productivity and food safety. Minister for Further and Higher Education, Research, Innovation and Science Simon Harris, TD, congratulated recipients under the Pathway Programme that allows researchers “to advance their work and further develop their careers towards becoming the next generation of research leaders in Ireland.”
Scoláireacht an Oireachtais 2022/23 bronnta ar Helen de Búrca
Fógraíodh Scoláireacht an Oireachtais, a dhíríonn ar thaibhealaíona na Gaeilge go sonrach, don chéad uair i mbliana. Is scoláireacht í seo a thugann tacaíocht do mhic léinn atá ag tabhairt faoin sruth nua MA NuaGhaeilge i dTaibhealaíona agus i dTraidisiúin bhéil na Gaeilge. Is clár MA é seo atá oiriúnach do réimse leathan cleachtas ealaíonta Gaeilge agus Gaeltachta: mar shampla, an amhránaíocht, an ceol, an damhsa, an amharclannaíocht, an scríbhneoireacht chruthaitheach, agus go leor eile. Fáiltíonn an clár MA seo roimh ealaíontóirí Gaeilge ó gach saghas seánra agus cúlra ealaíonta.
Agus í ag trácht ar an tionscnamh nua seo, is é a dúirt Tríona Ní Shíocháin, an tOllamh le Nua-Ghaeilge agus le Taibhealaíona i Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, ná:
“Tabharfaidh an tacaíocht fhlaithiúil seo ón Oireachtas deis do chleachtóirí Gaeilge atá ag teacht chun cinn an t-am agus an spás a bheith acu iad féin a thumadh sa chleachtas ealaíonta agus sa chleachtas teangan araon, as a n-eascróidh guthanna úra cruthaitheacha thar réimse leathan speisialtóireachtaí ealaíonta, mar atá an amhránaíocht, an ceol, an damhsa, an amharclannaíocht, an scríbhneoireacht, agus an iliomad réimsí cruthaitheacha eile.”
Is é a dúirt Ceannasaí an Oireachtais, Máirín Nic Dhonnchadha, “Cuireann an tionscnamh nua seo go suntasach leis an gcomhpháirtíocht rathúil atá ar bun cheana féin idir An tOireachtas agus Roinn na Nua-Ghaeilge, Ollscoil Mhá Nuad, agus tá an-lúcháir orainn gur féidir linn tacú leis an tallann iontach atá ag teacht chun cinn i measc mhic léinn agus chleachtóirí na dtaibhealaíona Gaeilge.”
Tá áthas ar Roinn na Nua-Ghaeilge a fhógairt gur ar Helen de Búrca a bronnadh Scoláireacht an Oireachtais 2022/23. Tá Helen ina mac léinn MA Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad faoi láthair, áit ina bhfuil sí ag tabhairt faoin sruth nua i dTaibhealaíona agus i dTraidisiúin Bhéil na Gaeilge. Tá Helen ag gabháil den drámaíocht agus den scríbhneoireacht chruthaitheach ó bhí sí an-óg, réimsí a bhfuil sé i gceist aici tuilleadh forbartha a dhéanamh orthu mar chuid dá cúrsa MA. Bhí sí ina ball de Scoil Drámaíochta Imelda Noone agus Scoil Drámaíochta Amharclann an Gaiety agus í ina scoláire óg; bhí sí i bpáirt Leah i léiriú an Chumainn Drámaíochta ar ‘DNA’ in Ollscoil Mhá Nuad i 2018, agus scríobh sí an dráma dátheangach ‘Aisling Aisling’ in 2019, agus í mar stiúrthóir air chomh maith, dráma ar cuireadh ar stáitse é mar cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge 2020 i gcomhar le Cuallacht Cholmcille, an Cumann Drámaíochta, agus Oifig na Gaeilge, Ollscoil Mhá Nuad