Rúin na scripte arsa Oghaim a nochtadh

Tá teicneolaíocht dhigiteach agus 3T á húsáid ag taighdeoirí Éireannacha agus Albanacha chun script ársa Oghaim a imscrúdú

Cloch agus séipéal Oghaim Chill Maoilchéadair, Co Chiarraí (Íomhá: Nora White)

D’fhoghlaimíomar faoin Ogham, an chéad chóras scríbhneoireachta in Éirinn, agus muid sa bhunscoil. B’in ansin muid, ag gliúcaíocht ar phictiúir d’inscríbhinní snoite i gcloch. Bhí an t-ádh ar chuid againn bheith inár gcónaí gar do chlocha Oghaim nó cuairt a thabhairt ar a suíomhanna ar thurais scoile, áit a ndeachaigh rúndiamhair na foirme ársa scríbhneoireachta agus cumarsáide seo i bhfeidhm orainn.

Mar is amhlaidh le go leor suíomhanna ársa timpeall na tíre, mar Aird Mhór agus An Cnoc Buí, Co Phort Láirge, Log na gCapall nó Cill Maoilchéadair i gContae Chiarraí, tá na clocha gan chosaint ón aimsir, agus tá na hinscríbhinní ag éirí níos doiléire i gcónaí.

Anois, tá acadóirí ó Ollscoil Mhá Nuad agus ó Ollscoil Ghlaschú ag obair le chéile le hardteicneolaíochtaí digiteacha agus 3T chun na hinscríbhinní a chosaint agus léargas nua a thabhairt dúinn ar an gcóras ársa scríbhneoireachta ar a dtugtar Ogham Ceilteach

Conas is féidir le réimse nuálach seo na ndaonnachtaí digiteacha ár n-eolas a mhéadú agus an fhoirm scripte is luaithe seo a chosaint?

Tá 1500 bliain imithe thart ó ceapadh Ogham agus tá sé le fáil i bPoblacht na hÉireann agus ar fud cheithre náisiún na Breataine, agus ar Oileán Mhanann. Is aibítir í Ogham atá le feiceáil ar inscríbhinní séadchomhartha agus ar earraí iniompartha uaireanta ón 4ú haois AD ar aghaidh, agus i ndornán lámhscríbhinní ón 9ú haois ar aghaidh.

Is as Éirinn a bhformhór, ach tá beagnach aon trian díobh le fáil ar fud Shasana, na Breataine Bige, na hAlban, agus Oileán Mhanann. Is iad na hinscríbhinní seo na taifid scríofa is sine sa teanga ónar tháinig an Nua-Ghaeilge, Gàidhlig na hAlban agus an Mhanainnis.

Níl ach 16% de na colúin chloiche seo ar a bhfuil Ogham snoite le fáil i músaeim náisiúnta: tá a bhformhór mór scaipthe i séipéil, in ionaid oidhreachta nó in áiteanna iargúlta faoin tuath agus iad gan chosaint ón aimsir.

Cruthóidh an mórthionscadal idirdhisciplíneach trí bliana seo bunachar sonraí digiteach cuimsitheach ar líne de gach ceann de na 640 sampla de script Oghaim roimh 1850, agus beidh fáil ag scoláirí agus ag an bpobal air.

Scanadh digiteach ar chloch Oghaim, Log na gCapall, Co. Chiarraí (Íomha: Nora White)

Brisfidh an tionscadal talamh nua de bhrí go mbeifear ag féachaint ar Ogham i ngach meán agus i ngach tréimhse, agus ag tabhairt an tábhacht chéanna d’Ogham sa Bhreatain agus a thugtar d’Ogham in Éirinn. Tógfar ar thionscadal Ogham in 3D (2012-15) faoi stiúir Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath (DIAS), inár díríodh go príomha ar cholúin Oghaim atá faoi chúram stáit i bPoblacht na hÉireann. Bhíothas ag súil i gcónaí ní hamháin corpas chlocha na hÉireann a thabhairt chun críche, ach comhoibriú le comhghleacaithe sa Bhreatain chun Ogham ó gach réimse agus ar gach cineál tacaíochta a áireamh. Anois, faoi dheireadh, is féidir é seo a dhéanamh. An Chomhairle um Thaighde in Éirinn agus an Chomhairle um Thaighde na nEalaíon agus na nDaonnachtaí sa RA atá ag maoiniú an tionscadail, mar chuid de Scéim na nDaonnachtaí Digiteacha, agus féachfar ar Ogham ón 4ú haois suas go dtí an lá inniu.

Dúirt an tOllamh David Stifter, Ollamh le Sean-Ghaeilge ag Ollscoil Mhá Nuad: “Nuair a bhíonn comhoibriú foirne againn idir eipeagrafaithe, seandálaithe, teangeolaithe agus filitheolaithe éagsúla idirnáisiúnta, is féidir linn ceisteanna taighde a chur a chabhróidh linn pictiúr iomlánaíoch a chumadh de stair na scripte Oghaim. Tá súil againn tuiscint níos fearr a fháil ar a bhrí mar léiriú cultúrtha ar stair intleachtúil Ghaelach a bhí i bhfad níos casta ná grúpa cúng na ‘n-inscríbhinní coitianta’ Éireannach.

Comhoibreoidh na hacadóirí le Músaeim Náisiúnta na hAlban, na hÉireann, agus na Breataine Bige, Músaem na Breataine, Oidhreacht Náisiúnta Mhanainn, Timpeallacht Stairiúil na hAlban, Cadw na Breataine Bige, Seirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta, agus Leabharlann Náisiúnta na hAlban – a bhfuil samplaí d’Ogham faoina gcúram ag gach eagraíocht acu.

Dúirt an Dr Nora White, An Roinn Ealaíons & Daonnachtaí ag Ollscoil Mhá Nuad, comh-imscrúdaitheoir ar an tionscadal: “Is fianaise í an tslí a bhfuil úsáid Oghaim scaipthe ar fud na hÉireann agus na Breataine ar an oidhreacht chultúrtha atá againn i bpáirt, agus tá an deis againn anois í a iniúchadh agus a cheiliúradh ina hiomláine. Tá an-áthas orm bheith ar an bhfoireann comhoibritheach seo agus ní hamháin an corpas digiteach de chlocha Oghaim as Éirinn, a tosaíodh sa tionscadal Ogham in 3D, a thabhairt chun críche, ach freisin inscríbhinní Oghaim ar gach ábhar, ó gach ceantar tíreolaíoch agus ó gach tréimhse, a chur san áireamh.” Soláthróidh na samhlacha 3D a tháirgfear sa tionscadal bonnlíne ar féidir dochar aimsire as seo amach a mheas ina leith, rud a chabhróidh linn acmhainn seandálaíochta ar leith atá faoi bhagairt ag an athrú aeráide, a chosaint. Oibreoidh na taighdeoirí le Clár Fionnachtana na hÉireann chun samhlacha digiteacha 3D a chruthú chun fáil ar an oidhreacht chultúrtha ar leith seo, agus tuiscint uirthi, a mhéadú.